Syniad diddorol parthed prawfddarllen. Mae'r cyfaill yn bwriadu sefydlu panel o brawfddarllenwyr, ac yn gwahodd cyfieithwyr profiadol a chanddynt o leiaf chw mlynedd o brofiad yn gweithio i'r sector gwladwriaethol i roi'u henwau, gyda manylion taliadau ayyb. Nid yw'n bwriadu ymgymryd â gwaith mewn meysydd cyfreithiol a thechnegol.
Yn Iach,
Tim
-----Original Message-----
From: Ariel Killick [mailto:[log in to unmask]]
Sent: 31 July 2009 11:39
To: [log in to unmask]
Subject: [foram] Painéal Profléitheoirí á bhunú
A chairde,
Tá painéal profléitheoirí á bhunú agam le hobair aistriúcháin ar ardchaighdeán a phrofléamh ó am go chéile. Aistritheoir lán-aimseartha le breis is deich mbliana taithí a bheidh ag aistriú na gcáipéisí agus bheadh profléamh amháin déanta ar na haistriúcháin sula dtabharfaí ar aghaidh don phrofléitheoir iad. Beidh líon na bhfocal sách mór uaireanta, suas le 30,000 focal, uaireanta eile, ní bheidh ach corrfhógra anseo is ansiúd. Baineann na haistriúcháin le cúrsaí ginearálta agus ní bheidh cúrsaí dlí i gceist nó ábhar iontach casta.
Más aistritheoir creidiúnaithe lánaimseartha thú, le breis is 6 bliana taithí ar a laghad ar an aistriúchán don earnáil stáit, agus má tá suim agat ina leithéid agus taithí agat ar an bprofléitheoireacht, bheinn iontach buíoch díot dá rachfá i dteagmháil liom láithreach agus do tháille in aghaidh an mhíle focal a lua liom, chomh maith le cur síos ar do cháilíochtaí agus do thaithí, agus litir theistiméireachta amháin ar a laghad.
Míle buíochas,
Ariel Killick
--
Ariel Killick
Aistritheoir Creidiúnaithe/
Foras na Gaeilge Accredited Translator
Professional Member
Irish Translators' and Interpreters' Association
|