Print

Print


 
 
 
 
Tim
 
 
Tim Saunders
Cyfieithydd Translator
Cyngor Bwrdeistref Sirol Rhondda Cynon Taf Rhondda Cynon Taf County Borough Council

________________________________

From: Fiontar, DCU [mailto:[log in to unmask]] On Behalf Of Fiontar, DCU
Sent: 30 May 2012 17:32
To: Saunders, Tim
Subject: Eagrán 3 de nuachtlitir na dtionscadal taighde


Nach bhfuil an ríomhphost seo á thaispeáint i gceart?
Amharc air i mbrabhsálaí <http://us2.campaign-archive2.com/?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=dfd75765ec&e=3d7bf053bc> . 
 <http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/banner.jpg> 
Fáilte go dtí Eagrán 3



San eagrán seo

1.	Ceardlann Logainmneacha 2012 
2.	Ábhar nua sa Chorpas Comhthreomhar 
3.	Comórtas d'iarbhunscoileanna ar logainm.ie 
4.	Téarmaí nua spóirt 
5.	Léasclann agus forbairtí nua 
6.	Scoláireachtaí ar fáil ar Mháistreachtaí FIONTAR 
7.	Beathaí nua ar ainm.ie 
8.	Téarmaí agus Logainmneacha tráthúla 
9.	An raibh a fhios agat? 
10.	Torthaí suirbhéanna Focal.ie agus Logainm.ie 
11.	Greamáin Logainm.ie ar fáil 
12.	Clár Aimhirgín ag teacht chun críche 

 <http://gallery.mailchimp.com/653153ae841fd11de66ad181a/images/sfs_icon_facebook.png> 	Déan cairdeas ar Facebook
www.focal.ie <http://focal.us2.list-manage2.com/track/click?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=b9797c94a7&e=3d7bf053bc> 
www.logainm.ie <http://focal.us2.list-manage.com/track/click?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=a4948b1a81&e=3d7bf053bc> 
www.ainm.ie <http://focal.us2.list-manage1.com/track/click?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=5fb8dde564&e=3d7bf053bc>  
 <http://gallery.mailchimp.com/653153ae841fd11de66ad181a/images/sfs_icon_twitter.png> 	@focal.ie <http://focal.us2.list-manage.com/track/click?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=252290f6a7&e=3d7bf053bc> 
@logainm.ie <http://focal.us2.list-manage.com/track/click?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=0606212ffe&e=3d7bf053bc> 
@ainm.ie <http://focal.us2.list-manage2.com/track/click?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=16bfae9b1c&e=3d7bf053bc> 
@focloirealaion <http://focal.us2.list-manage1.com/track/click?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=a54ca26732&e=3d7bf053bc> 

 <http://gallery.mailchimp.com/653153ae841fd11de66ad181a/images/sfs_icon_forward.png> 	Seol chuig cara <http://us2.forward-to-friend.com/forward?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=dfd75765ec&e=3d7bf053bc>  
 <http://gallery.mailchimp.com/653153ae841fd11de66ad181a/images/transparent.gif> 
 <http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/1ade51c.jpg> 

Ceardlann Logainmneacha 2012

Tá ceardlann idirnáisiúnta logainmneacha á reáchtáil ag Fiontar i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar 24–25 Lúnasa 2012. Is é téama na ceardlainne ‘Bainistiú agus foilsiú sonraí logainmníochta ar líne’. Tá taighdeoirí agus cleachtóirí tionscail iréimse na logainmníochta ag teacht ó gach cúinne den domhan chun cainteanna a thabhairt agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí.
 
Clárú luath ar chostas €90 roimh 01.06.2012!Tuilleadh eolas ag http://www.logainm.ie/Placenames2012/ <http://focal.us2.list-manage1.com/track/click?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=c9880c41c4&e=3d7bf053bc> 

 <http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/625658_89170893.jpg> 

Téarmaí nua spóirt 

Féach na cnuasaigh nua téarmaí spóirt ar fáil ar www.focal.ie:
Rothaíocht » <http://focal.us2.list-manage.com/track/click?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=2b65fd4718&e=3d7bf053bc> 
Bollaí » <http://focal.us2.list-manage.com/track/click?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=01a890701d&e=3d7bf053bc> 
Dornálaíocht » <http://focal.us2.list-manage1.com/track/click?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=17a8e4e77b&e=3d7bf053bc> 
 
Tá póstaer téarmaí sacair tiomsaithe agus foilsithe ag Fiontar anois go bhfuil foireann na hÉireann cáilithe do Chraobhchomórtais na hEorpa, EURO 2012. Tá fáilte romhaibh na póstaeir a scaipeadh pé áit a mbeidh sibh ag breathnú ar na cluichí. Éire Abú!
<http://> Póstaer téarmaí sacair» <http://focal.us2.list-manage.com/track/click?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=907475afea&e=3d7bf053bc> 

Tá póstaer téarmaí peile agus iománaíochta ar fáil le priontáil ar leathanach na bhfoilseachán <http://focal.us2.list-manage.com/track/click?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=87219d1e3f&e=3d7bf053bc>  ar focal.ie. Maisiúchán deas do bhalla scoile, oifige nó eile!
 <http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/_MG_4744.jpg> 
Beathaí  nua á scríobh le haghaidh ainm.ie

Tá beathaí nua á réiteach faoi láthair le foilsiú ar ainm.ie sna míonna romhainn. Ina measc tá Dáithí Ó hÓgáin (1949-2011); Muiris Ó Rócháin (1944-2011); Pearse Hutchison (1927-2012); Micheál Ó Bréartúin (1930-2011); Eoghan Ó hAnluain (1938-2012); Tomás Ó Gríofa (1829-96); Breandán Mac Cnáimhsí (1921-2011) agus Micheál Ó hEidhin (1938-2012).
 
Coimeád súil ar phríomhleathanach www.ainm.ie le haghaidh na nuachta is déanaí.

 <http://gallery.mailchimp.com/653153ae841fd11de66ad181a/images/transparent.gif> 
Torthaí na suirbhéanna focal.ie agus logainm.ie

Rinneadh suirbhé ar úsáideoirí focal.ie agus logainm.ie ag deireadh 2011.Seo thíos cuid de na torthaí:
 
Maidir le húsáideoirí focal.ie, bhí an céatadán is mó de rannpháirtithe san aoisghrúpa ‘26-35’. Bhí 84% díobh ina gcónaí ar oileán na hÉireann (thuaidh agus theas) ach luadh an Bhreatain, an tSualainn, an Bhrasaíl agus an tSín i measc na ‘Tíortha Eile’. Úsáideann an chuid is mó de na rannpháirtithe an suíomh ‘go laethúil’ agus úsáidtear go hiondúil é chun leagan Gaeilge de théarma Béarla a aimsiú agus chun litriú nó gramadach a sheiceáil. Luadh gur mór an chabhair iad na samplaí úsáide agus na sainmhínithe. Tá Fiontar ag obair i láthair na huaire chun cur leo seo de réir a chéile.
 
Maidir le húsáideoirí logainm.ie, bhí an céatadán is mó de rannpháirtithe san aoisghrúpa ‘os cionn 55’. I measc na ngairmeacha beatha a luaigh rannpháirtithe, bhí státseirbhísigh/riarthóirí, múinteoirí scoile, aistritheoirí agus staraithe áitiúla. Baintear an-úsáid as an áis chun liosta logainmneacha a aistriú agus as na nótaí mínithe agus luadh go bhfuil na léarscáileanna atá ar fáil an-úsáideach. Ar an iomlán moltar gastacht, áisiúlacht agus údarás an tsuímh. Bunaithe ar aiseolas ó úsáideoirí, tá Fiontar ag obair ar áis a fhobairt chun míreanna coitianta na logainmneacha a mhíniú agus chun na léarscáileanna ar an suíomh a fhobairt.

 <http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/paradocs.jpg> 

Ábhar nua sa Chorpas Comhthreomhar

Tá 99 acht d’Achtanna an Oireachtais (Reachtaíocht Phríomha na hÉireann) curtha leis an gCorpas Comhthreomhar <http://focal.us2.list-manage.com/track/click?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=b21a45d087&e=3d7bf053bc> , chomh maith le hábhar as Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Tá 4,607,088 focal Béarla agus 4,910,395 focal Gaeilge ar fáil sa chorpas anois!
 
Is éard atá sa Chorpas Comhthreomhar ná inneall cuardaigh a chuireann ar chumas an úsáideora cuardach a dhéanamh ar théarma nó ar fhrása i mBéarla nó i nGaeilge agus ginfear liosta de na míreanna sa chorpas ina bhfuil an téarma/frása sin le fáil. Is féidir leis an úsáideoir an liosta míreanna sin a fheiceáil taobh le taobh lena gcóimhíreanna sa teanga eile

 <http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/files/DSCF7351.JPG> 
Léacslann agus uasghrádú ailtireachta

Tá córas nua ríomhaireachta tógtha ag Fiontar chun na bailiúcháin léacsacha atá faoina stiúir aige a stóráil agus a bhainistiú. Léacslann is ainm don chóras sin. Forbraíodh an córas nua seo le linn 2011 agus rinneadh bunachar focal.ie, bunachar na dtéarmaí spóirt, bunachar na dtéarmaí ealaíon, bunachar na dtéarmaí dlí, agus bunachar na dtéarmaí Eorpacha a aistriú isteach sa chóras nua ag tús 2012. Cabhraíonn an córas nua seo go mór le hobair eagarthóireachta atá ar siúl sna bunachair taobh thiar de na suíomhanna poiblí.
 
Chomh maith le forbairt Léacslann, tá Fiontar tar éis uasghrádú suntasach a dhéanamh ar an ailtireacht atá taobh thiar de focal.ie. Cuireadh na hathruithe seo i bhfeidhm ar an suíomh ag deireadh an Mhárta agus tá sé soiléir go bhfuil focal.ie i bhfad níos tapúla ó shin ná mar a bhí. Bainigí taitneamh as an eispéireas feabhsaithe!


 <http://gallery.mailchimp.com/653153ae841fd11de66ad181a/images/transparent.gif> 

Téarmaí agus Logainmneacha tráthúla

 13.02<http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/13.02.jpeg> 	Baile na mBan
Ballynaman	
 23.04<http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/23.04.png> 	Bliain Nua na Síneach
Chinese New Year	
 25.04<http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/25.04.png> 	Na Gealáin Thuaidh
Northern Lights; Aurora Borealis	
 <http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/calendar_June_01.png> 	Tobar Bríde
Brideswell	
 02.05<http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/02.05.png> 	An Bhoth Fhuar
Coldcut	
 14.02<http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/14.02.png> 	Íodh Márta
Ides of March	
 17.03<http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/17.03.png> 	Baile Phádraig
Ballypatrick	
 <http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/calendar_June_04.png> 	Téiseanna an Aibreáin
the April Theses	
 <http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/06.06.png> 	Aoine an Chéasta
Good Friday 	
 07.03<http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/07.03.png> 	Mullach na Cásca
Mullanacask	
 08.03<http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/08.03.png> 	Droim Cásca
Mullanacask	
 09.03<http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/09.03.png> 	Cnoc na Cásca
Knocknacaska	
 24.02<http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/24.02.png> 	Baile Phúinse
Punchestown	

 <http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/photo2.JPG> 
Greamán Logainm.ie ar fáil

Tá greamáin logainm.ie deartha agus ar fáil anois. Is féidir na greamáin a chur ar do ríomhaire chun cur i gcuimhne duit féin an suíomh a úsáid nuair atá logainmneacha oifigiúla Gaeilge agus Béarla de dhíth ort. Scríobh chugainn ag [log in to unmask] má theastaíonn uait go seolfar chugat cuid acu.

 <http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/ac_oid_clar.jpg> 

Comórtas logainm.ie d'iarbhunscoileanna

Reáchtáil Fiontar agus an Brainse Logainmneacha comórtas d’iarbhunscoileanna le gairid. Comhghairdeas le gach duine a chur tionscadal taighde isteach chugainn. Comhghairdeas ar leith leis na buaiteoirí thíos. Fuair na buaiteoirí dearbháin agus teastais agus cuirfear a dtionscadail ar taispeáint ar logainm.ie go luath.
 
Rinneadh suntas faoi leith d'obair Choláiste Phobail Cholmcille, Toraigh. Rinne na daltaí tionscadal den scoth ar logainmneacha agus dinnseanchas Thoraí. Tá an scoil ag bailiú logainmneacha le deich mbliana anuas agus chuir siad le chéile iad sa tionscadal taighde don chomórtas. Chuir siad torthaí a gcuid taighde ar fáil i bhfoirm cur i láthair agus léarscáile.
 
An Chéad áit: 
Coláiste Phobail Cholmcille, Toraigh, Co. Dhún na nGall

An Dara háit: 
Meánscoil Loreto, Bré, Co. Chill Mhantáin

An Tríú háit:
Holy Family Secondary School, An Droichead Nua, Co. Chill Dara
 
Reáchtálfar comórtas eile do scoileanna i 2013.

 <http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/Picture_006.jpg> 
Scoláireachtaí €2,000 ar fáil do Mháistreachtaí Fiontar

Tá deich scoláireacht dar luach €2,000 an ceann ar fáil do mhic léinn a chláraíonn ar an gcúrsa MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais. Bronnfar na scoláireachtaí ar an gcúigear mac léinn is fearr a n-éiríonn leo sa chéad bhliain den dá chúrsa.
 
Caithfear clárú le haghaidh na gcúrsaí ar www.pac.ie. Tuilleadh eolas ar fáil ag na naisc thíos
http://www.dcu.ie/fiontar/downloads/msc.pdf <http://focal.us2.list-manage1.com/track/click?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=f1dac6c935&e=3d7bf053bc>  
 <http://gallery.mailchimp.com/e97ba4fec1f498c9008476e01/images/Graph_Chart_Icon_Symbol_clip_art_medium.1.png> 
An raibh a fhios agat?

Is iad Seathrún Céitinn (c.1580–c.1644) agus Carl Marstrander (1883–1965) na beathaí is mó a léadh ó thús 2012 ar ainm.ie.
 
Thug 44,155 duine uathúil cuairt ar shuíomh logainm.ie ó thús na bliana.
 
Iad iad dhá théarma a bhfuil an-tóir orthu ar focal.ie na laethanta seo ná ‘Communion’ agus ‘austerity’!Mar eolas is é ‘déine’ an téarma Gaeilge ar austerity i réimse ghnó/eacnamaíochta. 

 <http://gallery.mailchimp.com/653153ae841fd11de66ad181a/images/transparent.gif> 
Clár Aimhirgín ag teacht chun críche

Rinne FIONTAR clár intéirneachta, Clár Aimhirgín, a dhearadh agus a riar chun buíon bunchéimithe sa Ghaeilge a oiliúint sna scileanna taighde, eagarthóireachta agus bainistíochta sonraí a bhaineann le hacmhainní digiteacha na Gaeilge. Rinneadh na comhaltaí socrúcháin fostaíochta in FIONTAR, sa Bhrainse Logainmneacha, agus sa Choiste Téarmaíochta ar a seal ó thosaigh an clár. Beidh an clár ag teacht chun críche go luath sa samhradh agus guíonn Fiontar gach rath ar na comhaltaí sa saol gairmiúil amach anseo.

 Seol chuig cara <http://us2.forward-to-friend.com/forward?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=dfd75765ec&e=3d7bf053bc>   
Cóipcheart © 2012 FIONTAR, DCU, Gach ceart ar cosaint.


Email Marketing Powered by MailChimp <http://www.mailchimp.com/monkey-rewards/?aid=e97ba4fec1f498c9008476e01&afl=1>  
 díliostáil  <http://focal.us2.list-manage.com/unsubscribe?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=b2f8f02e7a&e=3d7bf053bc&c=dfd75765ec>  | nuashonraigh roghanna síntiúis <http://focal.us2.list-manage.com/profile?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=b2f8f02e7a&e=3d7bf053bc>  | amharc air sa bhrabhsálaí <http://us2.campaign-archive2.com/?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=dfd75765ec&e=3d7bf053bc>    

 <http://focal.us2.list-manage.com/track/open.php?u=e97ba4fec1f498c9008476e01&id=dfd75765ec&e=3d7bf053bc>