Ceardlann
Logainmneacha 2012Tá ceardlann
idirnáisiúnta logainmneacha á reáchtáil ag Fiontar
i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, an Roinn
Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar 24–25
Lúnasa 2012. Is é téama na ceardlainne
‘Bainistiú agus foilsiú sonraí logainmníochta ar
líne’. Tá taighdeoirí agus cleachtóirí
tionscail iréimse na logainmníochta ag teacht ó
gach cúinne den domhan chun cainteanna a thabhairt
agus páirt a ghlacadh sna
himeachtaí. Clárú luath ar
chostas €90 roimh 01.06.2012!Tuilleadh
eolas ag http://www.logainm.ie/Placenames2012/
|
Téarmaí nua spóirt
Féach na cnuasaigh nua
téarmaí spóirt ar fáil ar www.focal.ie: Rothaíocht
» Bollaí
» Dornálaíocht
» Tá póstaer téarmaí sacair
tiomsaithe agus foilsithe ag Fiontar anois go
bhfuil foireann na hÉireann cáilithe do
Chraobhchomórtais na hEorpa, EURO 2012.
Tá fáilte romhaibh na póstaeir a scaipeadh
pé áit a mbeidh sibh ag breathnú ar na cluichí.
Éire Abú! Póstaer
téarmaí sacair»Tá
póstaer téarmaí peile agus iománaíochta ar fáil le
priontáil ar
leathanach na
bhfoilseachán ar focal.ie.
Maisiúchán deas do bhalla scoile, oifige nó
eile! |
Beathaí nua á scríobh le haghaidh
ainm.ieTá beathaí
nua á réiteach faoi láthair le foilsiú ar ainm.ie
sna míonna romhainn. Ina measc tá Dáithí Ó hÓgáin
(1949-2011); Muiris Ó Rócháin (1944-2011); Pearse
Hutchison (1927-2012); Micheál Ó Bréartúin
(1930-2011); Eoghan Ó hAnluain (1938-2012); Tomás
Ó Gríofa (1829-96); Breandán Mac Cnáimhsí
(1921-2011) agus Micheál Ó hEidhin
(1938-2012). Coimeád súil ar
phríomhleathanach www.ainm.ie le haghaidh na
nuachta is déanaí. |
Torthaí na suirbhéanna focal.ie agus
logainm.ieRinneadh
suirbhé ar úsáideoirí focal.ie agus logainm.ie ag
deireadh 2011.Seo thíos cuid de na
torthaí: Maidir le húsáideoirí
focal.ie, bhí an céatadán is mó de rannpháirtithe
san aoisghrúpa ‘26-35’. Bhí 84% díobh ina gcónaí
ar oileán na hÉireann (thuaidh agus theas) ach
luadh an Bhreatain, an tSualainn, an Bhrasaíl agus
an tSín i measc na ‘Tíortha Eile’. Úsáideann an
chuid is mó de na rannpháirtithe an suíomh ‘go
laethúil’ agus úsáidtear go hiondúil é chun leagan
Gaeilge de théarma Béarla a aimsiú agus chun
litriú nó gramadach a sheiceáil. Luadh gur mór an
chabhair iad na samplaí úsáide agus na
sainmhínithe. Tá Fiontar ag obair i láthair na
huaire chun cur leo seo de réir a
chéile. Maidir le húsáideoirí
logainm.ie, bhí an
céatadán is mó de rannpháirtithe san aoisghrúpa
‘os cionn 55’. I measc na ngairmeacha
beatha a luaigh rannpháirtithe, bhí
státseirbhísigh/riarthóirí, múinteoirí scoile,
aistritheoirí agus staraithe áitiúla. Baintear
an-úsáid as an áis chun liosta logainmneacha a
aistriú agus as na nótaí mínithe agus luadh go
bhfuil na léarscáileanna atá ar fáil an-úsáideach.
Ar an iomlán moltar gastacht, áisiúlacht agus
údarás an tsuímh. Bunaithe ar aiseolas ó
úsáideoirí, tá Fiontar ag obair ar áis a fhobairt
chun míreanna coitianta na logainmneacha a mhíniú
agus chun na léarscáileanna ar an suíomh a
fhobairt. | |
Ábhar nua sa Chorpas
ComhthreomharTá 99 acht
d’Achtanna an Oireachtais (Reachtaíocht
Phríomha na hÉireann) curtha leis an gCorpas
Comhthreomhar, chomh maith le hábhar as
Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Tá 4,607,088
focal Béarla agus 4,910,395 focal Gaeilge ar fáil
sa chorpas anois! Is éard atá sa
Chorpas Comhthreomhar ná inneall cuardaigh a
chuireann ar chumas an úsáideora cuardach a
dhéanamh ar théarma nó ar fhrása i mBéarla nó i
nGaeilge agus ginfear liosta de na míreanna sa
chorpas ina bhfuil an téarma/frása sin le fáil. Is
féidir leis an úsáideoir an liosta míreanna sin a
fheiceáil taobh le taobh lena gcóimhíreanna sa
teanga eile |
Léacslann agus uasghrádú
ailtireachtaTá
córas nua ríomhaireachta tógtha ag Fiontar chun na
bailiúcháin léacsacha atá faoina stiúir aige a
stóráil agus a bhainistiú. Léacslann is ainm don
chóras sin. Forbraíodh an córas nua seo le linn
2011 agus rinneadh bunachar focal.ie, bunachar na
dtéarmaí spóirt, bunachar na dtéarmaí ealaíon,
bunachar na dtéarmaí dlí, agus bunachar na
dtéarmaí Eorpacha a aistriú isteach sa chóras nua
ag tús 2012. Cabhraíonn an córas nua seo go mór le
hobair eagarthóireachta atá ar siúl sna bunachair
taobh thiar de na suíomhanna
poiblí. Chomh maith le forbairt
Léacslann, tá Fiontar tar éis uasghrádú suntasach
a dhéanamh ar an ailtireacht atá taobh thiar de
focal.ie. Cuireadh na hathruithe seo i bhfeidhm ar
an suíomh ag deireadh an Mhárta agus tá sé soiléir
go bhfuil focal.ie i bhfad níos tapúla ó shin ná
mar a bhí. Bainigí taitneamh as an eispéireas
feabhsaithe! |
Téarmaí agus Logainmneacha
tráthúla
|
Baile
na mBan Ballynaman |
|
Bliain
Nua na Síneach Chinese New
Year |
|
Na
Gealáin Thuaidh Northern Lights; Aurora
Borealis |
|
Tobar
Bríde Brideswell |
|
An
Bhoth Fhuar Coldcut |
|
Íodh
Márta Ides of March |
|
Baile
Phádraig Ballypatrick |
|
Téiseanna an
Aibreáin the April
Theses |
|
Aoine
an Chéasta Good Friday
|
|
Mullach na
Cásca Mullanacask |
|
Droim
Cásca Mullanacask |
|
Cnoc
na
Cásca Knocknacaska |
|
Baile
Phúinse Punchestown | |
Greamán Logainm.ie ar
fáilTá greamáin
logainm.ie deartha agus ar fáil anois. Is féidir
na greamáin a chur ar do ríomhaire chun cur i
gcuimhne duit féin an suíomh a úsáid nuair atá
logainmneacha oifigiúla Gaeilge agus Béarla de
dhíth ort. Scríobh chugainn ag [log in to unmask] má
theastaíonn uait go seolfar chugat cuid
acu. | |
Comórtas
logainm.ie
d'iarbhunscoileannaReáchtáil Fiontar
agus an Brainse Logainmneacha comórtas
d’iarbhunscoileanna le gairid. Comhghairdeas le
gach duine a chur tionscadal taighde isteach
chugainn. Comhghairdeas ar leith leis na
buaiteoirí thíos. Fuair na buaiteoirí dearbháin
agus teastais agus cuirfear a dtionscadail ar
taispeáint ar logainm.ie go
luath. Rinneadh suntas faoi leith
d'obair Choláiste Phobail Cholmcille, Toraigh.
Rinne na daltaí tionscadal den scoth ar
logainmneacha agus dinnseanchas Thoraí. Tá an
scoil ag bailiú logainmneacha le deich mbliana
anuas agus chuir siad le chéile iad sa tionscadal
taighde don chomórtas. Chuir siad torthaí a gcuid
taighde ar fáil i bhfoirm cur i láthair agus
léarscáile. An Chéad
áit: Coláiste Phobail Cholmcille,
Toraigh, Co. Dhún na nGall
An Dara
háit: Meánscoil Loreto, Bré, Co.
Chill Mhantáin
An Tríú
háit: Holy Family Secondary School, An
Droichead Nua, Co. Chill
Dara Reáchtálfar comórtas eile do
scoileanna i 2013. |
Scoláireachtaí €2,000 ar fáil do
Mháistreachtaí
FiontarTá deich
scoláireacht dar luach €2,000 an ceann ar fáil do
mhic léinn a chláraíonn ar an gcúrsa MSc i nGnó
agus i dTeicneolaíocht an Eolais. Bronnfar na
scoláireachtaí ar an gcúigear mac léinn is fearr a
n-éiríonn leo sa chéad bhliain den dá
chúrsa. Caithfear clárú le haghaidh
na gcúrsaí ar www.pac.ie. Tuilleadh eolas ar fáil
ag na naisc thíos http://www.dcu.ie/fiontar/downloads/msc.pdf
|
An raibh a fhios
agat?Is iad
Seathrún Céitinn (c.1580–c.1644) agus Carl
Marstrander (1883–1965) na beathaí is mó a léadh ó
thús 2012 ar ainm.ie. Thug 44,155
duine uathúil cuairt ar shuíomh logainm.ie ó thús
na bliana. Iad iad dhá théarma a
bhfuil an-tóir orthu ar focal.ie na laethanta seo
ná ‘Communion’ agus ‘austerity’!Mar eolas is é
‘déine’ an téarma Gaeilge ar austerity i réimse
ghnó/eacnamaíochta. |
Clár Aimhirgín ag teacht chun
crícheRinne FIONTAR
clár intéirneachta, Clár Aimhirgín, a dhearadh
agus a riar chun buíon bunchéimithe sa Ghaeilge a
oiliúint sna scileanna taighde, eagarthóireachta
agus bainistíochta sonraí a bhaineann le
hacmhainní digiteacha na Gaeilge. Rinneadh na
comhaltaí socrúcháin fostaíochta in FIONTAR, sa
Bhrainse Logainmneacha, agus sa Choiste
Téarmaíochta ar a seal ó thosaigh an clár. Beidh
an clár ag teacht chun críche go luath sa samhradh
agus guíonn Fiontar gach rath ar na comhaltaí sa
saol gairmiúil amach
anseo. | |