Ceardlann Logainmneacha
2012Tá ceardlann
idirnáisiúnta logainmneacha á reáchtáil ag
Fiontar i gcomhar leis an mBrainse
Logainmneacha, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta
agus Gaeltachta ar 24–25 Lúnasa 2012. Is é téama
na ceardlainne ‘Bainistiú agus foilsiú
sonraí logainmníochta ar líne’. Tá
taighdeoirí agus cleachtóirí tionscail iréimse
na logainmníochta ag teacht ó gach cúinne den
domhan chun cainteanna a thabhairt agus páirt a
ghlacadh sna
himeachtaí. Clárú luath ar
chostas €90 roimh 01.06.2012!Tuilleadh
eolas ag http://www.logainm.ie/Placenames2012/ |
Téarmaí nua spóirt
Féach na cnuasaigh
nua téarmaí spóirt ar fáil ar www.focal.ie: Rothaíocht » Bollaí » Dornálaíocht
» Tá póstaer téarmaí sacair
tiomsaithe agus foilsithe ag Fiontar anois go
bhfuil foireann na hÉireann cáilithe do
Chraobhchomórtais na hEorpa, EURO 2012.
Tá fáilte romhaibh na póstaeir a scaipeadh
pé áit a mbeidh sibh ag breathnú ar na cluichí.
Éire Abú! Póstaer téarmaí
sacair»Tá póstaer
téarmaí peile agus iománaíochta ar fáil le
priontáil ar leathanach na
bhfoilseachán ar focal.ie. Maisiúchán deas do
bhalla scoile, oifige nó
eile! |
Beathaí nua á
scríobh le haghaidh ainm.ieTá
beathaí nua á réiteach faoi láthair le foilsiú
ar ainm.ie sna míonna romhainn.
Ina measc tá Dáithí Ó hÓgáin (1949-2011); Muiris
Ó Rócháin (1944-2011); Pearse Hutchison
(1927-2012); Micheál Ó Bréartúin (1930-2011);
Eoghan Ó hAnluain (1938-2012); Tomás Ó Gríofa
(1829-96); Breandán Mac Cnáimhsí (1921-2011)
agus Micheál Ó hEidhin
(1938-2012). Coimeád súil ar
phríomhleathanach www.ainm.ie le haghaidh na
nuachta is déanaí. |
Torthaí na
suirbhéanna focal.ie agus logainm.ieRinneadh
suirbhé ar úsáideoirí focal.ie agus logainm.ie ag deireadh
2011.Seo thíos cuid de na
torthaí: Maidir le húsáideoirí focal.ie, bhí an céatadán is
mó de rannpháirtithe san aoisghrúpa ‘26-35’. Bhí
84% díobh ina gcónaí ar oileán na hÉireann
(thuaidh agus theas) ach luadh an Bhreatain, an
tSualainn, an Bhrasaíl agus an tSín i measc na
‘Tíortha Eile’. Úsáideann an chuid is mó de na
rannpháirtithe an suíomh ‘go laethúil’ agus
úsáidtear go hiondúil é chun leagan Gaeilge de
théarma Béarla a aimsiú agus chun litriú nó
gramadach a sheiceáil. Luadh gur mór an chabhair
iad na samplaí úsáide agus na sainmhínithe. Tá
Fiontar ag obair i láthair na huaire chun cur
leo seo de réir a chéile. Maidir le
húsáideoirí logainm.ie, bhí an
céatadán is mó de rannpháirtithe san aoisghrúpa
‘os cionn 55’. I measc
na ngairmeacha beatha a luaigh rannpháirtithe,
bhí státseirbhísigh/riarthóirí, múinteoirí
scoile, aistritheoirí agus staraithe áitiúla.
Baintear an-úsáid as an áis chun liosta
logainmneacha a aistriú agus as na nótaí mínithe
agus luadh go bhfuil na léarscáileanna atá ar
fáil an-úsáideach. Ar an iomlán moltar gastacht,
áisiúlacht agus údarás an tsuímh. Bunaithe ar
aiseolas ó úsáideoirí, tá Fiontar ag obair ar
áis a fhobairt chun míreanna coitianta na
logainmneacha a mhíniú agus chun na
léarscáileanna ar an suíomh a
fhobairt. | |
Ábhar nua sa Chorpas
ComhthreomharTá 99 acht
d’Achtanna an Oireachtais (Reachtaíocht
Phríomha na hÉireann) curtha leis an gCorpas Comhthreomhar, chomh
maith le hábhar as Reachtaíocht an Aontais
Eorpaigh. Tá 4,607,088 focal Béarla agus
4,910,395 focal Gaeilge ar fáil sa chorpas
anois! Is éard atá sa Chorpas
Comhthreomhar ná inneall cuardaigh a chuireann
ar chumas an úsáideora cuardach a dhéanamh ar
théarma nó ar fhrása i mBéarla nó i nGaeilge
agus ginfear liosta de na míreanna sa chorpas
ina bhfuil an téarma/frása sin le fáil. Is
féidir leis an úsáideoir an liosta míreanna sin
a fheiceáil taobh le taobh lena gcóimhíreanna sa
teanga eile |
Léacslann agus
uasghrádú
ailtireachtaTá
córas nua ríomhaireachta tógtha ag Fiontar chun
na bailiúcháin léacsacha atá faoina stiúir aige
a stóráil agus a bhainistiú. Léacslann is ainm
don chóras sin. Forbraíodh an córas nua seo le
linn 2011 agus rinneadh bunachar focal.ie, bunachar na dtéarmaí
spóirt, bunachar na dtéarmaí ealaíon, bunachar
na dtéarmaí dlí, agus bunachar na dtéarmaí
Eorpacha a aistriú isteach sa chóras nua ag tús
2012. Cabhraíonn an córas nua seo go mór le
hobair eagarthóireachta atá ar siúl sna
bunachair taobh thiar de na suíomhanna
poiblí. Chomh maith le forbairt
Léacslann, tá Fiontar tar éis uasghrádú
suntasach a dhéanamh ar an ailtireacht atá taobh
thiar de focal.ie. Cuireadh na
hathruithe seo i bhfeidhm ar an suíomh ag
deireadh an Mhárta agus tá sé soiléir go bhfuil
focal.ie i bhfad níos tapúla ó
shin ná mar a bhí. Bainigí taitneamh as an
eispéireas feabhsaithe! |
Téarmaí agus
Logainmneacha tráthúla
|
Baile
na mBan Ballynaman |
|
Bliain
Nua na Síneach Chinese New
Year |
|
Na
Gealáin Thuaidh Northern Lights; Aurora
Borealis |
|
Tobar
Bríde Brideswell |
|
An
Bhoth Fhuar Coldcut |
|
Íodh
Márta Ides of March |
|
Baile
Phádraig Ballypatrick |
|
Téiseanna an
Aibreáin the April
Theses |
|
Aoine
an Chéasta Good Friday
|
|
Mullach na
Cásca Mullanacask |
|
Droim
Cásca Mullanacask |
|
Cnoc
na
Cásca Knocknacaska |
|
Baile
Phúinse Punchestown | |
Greamán Logainm.ie
ar fáilTá
greamáin logainm.ie deartha agus ar
fáil anois. Is féidir na greamáin a chur ar do
ríomhaire chun cur i gcuimhne duit féin an
suíomh a úsáid nuair atá logainmneacha oifigiúla
Gaeilge agus Béarla de dhíth ort. Scríobh
chugainn ag [log in to unmask] má theastaíonn
uait go seolfar chugat cuid
acu. | |
Comórtas logainm.ie
d'iarbhunscoileannaReáchtáil Fiontar
agus an Brainse Logainmneacha comórtas
d’iarbhunscoileanna le gairid. Comhghairdeas le
gach duine a chur tionscadal taighde isteach
chugainn. Comhghairdeas ar leith leis na
buaiteoirí thíos. Fuair na buaiteoirí dearbháin
agus teastais agus cuirfear a dtionscadail ar
taispeáint ar logainm.ie go
luath. Rinneadh suntas faoi leith
d'obair Choláiste Phobail Cholmcille, Toraigh.
Rinne na daltaí tionscadal den scoth ar
logainmneacha agus dinnseanchas Thoraí. Tá an
scoil ag bailiú logainmneacha le deich mbliana
anuas agus chuir siad le chéile iad sa
tionscadal taighde don chomórtas. Chuir siad
torthaí a gcuid taighde ar fáil i bhfoirm cur i
láthair agus léarscáile. An
Chéad áit: Coláiste Phobail
Cholmcille, Toraigh, Co. Dhún na
nGall
An Dara háit:
Meánscoil Loreto, Bré, Co. Chill
Mhantáin
An Tríú
háit: Holy Family Secondary School,
An Droichead Nua, Co. Chill
Dara Reáchtálfar comórtas eile do
scoileanna i 2013. |
Scoláireachtaí
€2,000 ar fáil do Mháistreachtaí
FiontarTá deich
scoláireacht dar luach €2,000 an ceann ar fáil
do mhic léinn a chláraíonn ar an gcúrsa MSc i
nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais. Bronnfar
na scoláireachtaí ar an gcúigear mac léinn is
fearr a n-éiríonn leo sa chéad bhliain den dá
chúrsa. Caithfear clárú le haghaidh
na gcúrsaí ar www.pac.ie. Tuilleadh eolas ar
fáil ag na naisc thíos http://www.dcu.ie/fiontar/downloads/msc.pdf
|
An raibh a fhios
agat?Is
iad Seathrún Céitinn (c.1580–c.1644) agus Carl
Marstrander (1883–1965) na beathaí is mó a léadh
ó thús 2012 ar ainm.ie. Thug
44,155 duine uathúil cuairt ar shuíomh logainm.ie ó thús na
bliana. Iad iad dhá théarma a
bhfuil an-tóir orthu ar focal.ie na laethanta seo ná
‘Communion’ agus ‘austerity’!Mar eolas is é
‘déine’ an téarma Gaeilge ar austerity i réimse
ghnó/eacnamaíochta. |
Clár Aimhirgín ag
teacht chun
crícheRinne
FIONTAR clár intéirneachta, Clár Aimhirgín, a
dhearadh agus a riar chun buíon bunchéimithe sa
Ghaeilge a oiliúint sna scileanna taighde,
eagarthóireachta agus bainistíochta sonraí a
bhaineann le hacmhainní digiteacha na Gaeilge.
Rinneadh na comhaltaí socrúcháin fostaíochta in
FIONTAR, sa Bhrainse Logainmneacha, agus sa
Choiste Téarmaíochta ar a seal ó thosaigh an
clár. Beidh an clár ag teacht chun críche go
luath sa samhradh agus guíonn Fiontar gach rath
ar na comhaltaí sa saol gairmiúil amach
anseo. | |