Friday14 Ocober
6.00pm (doras 5.30)
CITY ARTS
15 Bachelor’s Walk
in Dublin
Saorchead isteach/free admission
Siompóisiam ar Bhlagadóireacht na Gaeilge
Tagann City Arts agus IMRAM le chéile i mbliana le hiniúchadh a
dhéanamh ar thodhchaí litríocht na Gaeilge ar líne le Siompóisiam ar
Bhlagadóireacht na Gaeilge. Curtha i láthair ag an gcraoltóir Scott de
Buitléir, beidh ceathrar cainteoirí ag an siompóisiam - Alex Hijmans,
iriseoir agus údar; Aonghus Ó hAlmhain, blagadóir; Alison Ní
Dhorchaidhe, file agus blagadóir; agus Mary Burns, riarthóir ghrúpa
Facebook, Gaeilge Amháin.
I measc na n-ábhar a bheidh á bplé ar an oíche, cuirfear an cheist; an
í an blagadóireacht an chéad chéim eile ar bhóthar na litríochta
Gaeilge? An bhfuil teacht Twitter agus na meán sóisialta ag cur
deireadh leis an mblagadóireacht, nó á neartú? An bhfuil áit ann do
bhlagadóireacht mhionteanga i spás ollmhór an idirlín? Seans é seo do
phobal na Gaeilge (agus an Bhéarla) breathnú go dáiríre ar an gcéad
ghlúin eile de litríocht mhionteanga sa 21ú haois le réimse taithí na
gcainteoirí.
Symposium on Irish language blogging
This year IMRAM joins force with City Arts to look at the future of
Irish-language literature on-line. Broadcaster and writer Scott de
Buitléir will be joined by journalist and author Alex Hijmans; blogger
Aonghus Ó hAlmahin; poet and blogger Alison Ní Dhorchaidhe; and Mary
Burns, administrator of Facebook group Gaeilge Amháin.
Is blogging the next step forward for Irish-language literature? Has
the arrival of social websites and Twitter rendered blogging obsolete?
Can minority languages flourish on the internet? These are just some
of the questions that will be discussed in this provocative symposium.
DÉ hAOINE 14 DEIREADH FÓMHAIR
Friday 14 October
7.30 pm (doras 7.00)
EAGLAIS ÚINITÉIREACH
Unitarian Church
112 St Stephen’s Green West
Saorchead isteach/ Free admission
OÍCHE ÓMÓIS DON MHOINSÍNEOIR
An Homage to Pádraig Ó Fiannachta
OÍCHE ÓMÓIS DON MHOINSÍNEOIR
An Homage to Pádraig Ó Fiannachta
File, sagart, foilsitheoir agus scoláire, tá áit lárnach i saol
liteartha agus spioradálta na tíre seo ag an Moinsíneoir Pádraig Ó
Fiannachta. Bronnadh Duais an Chraoibhín air sa bhliain 1969 de bharr
a shaothair liteartha. Is é príomhaistritheoir agus eagarthóir An
Bíobla Naofa é a foilsíodh sa bhliain 1982. I measc a chuid cnuasach
filíochta tá Ponc, Rúin, Deora Dé, Léim an Dá Mhíle. Úrscéalta
dírbheathaisnéise is ea An Chomharsa Choimhthíoch agus Ag Siúl na
Teorann. Foinsí éagsúla inspioráide aige, an béaloideas áitiúil, an
mhiotaseolaíocht, an litríocht chlasaiceach agus a ghairm mar shagart.
Ón mbliain 1964 is é stiúrthóir agus eagarthóir coimisiúnaithe An
Sagart é, teach foilsitheoireachta a fhoilsíonn filíocht, béaloideas,
drámaíocht, léirmheastóireacht liteartha agus leabhair a bhaineann
leis an diagacht. Sa bhliain 1996 bhunaigh sé An Díseart, Institiúid
Oideachais agus Chultúr Dúchais a bhfuil cáil uirthi ón Daingean go
Dubai.
Poet, priest, publisher and scholar, Monsignor Pádraig Ó Fiannachta is
a central figure in Irish letters. Tonight IMRAM celebrates Pádraig’s
life and work in the company of poets and speakers Nuala Ní
Dhomhnaill, Bríd Ní Mhoráin, Domhnall Mac Síthigh, Ceaití Ní
Bheildiúin,Tadhg Ó Dubhsláine, Peadar Ó hUallaigh; and singers and
musicians Seosaimhín Ní Bheaglaíoch, Caitlín Loughnane and Eoin
Duignan. The homage night will be followed by an informal session
organized by Feis na nGael in Conradh na Gaeilge’s Club at 9.00pm,
featuring singer Máire Ní Choilm, sean-nós dancer Rónán Ó Riagáin,
musicians Larry Kinsella, Lynsey MacRitchie, Ceitlin Smith and Anne
Louise Stewart.
|